Baile

Is siombail choitianta tras-chultúrtha é fáinne a sheasann don aontacht agus don leanúnachas. Ní bhíonn tús nó deireadh leis, ná deighilt ar bith ann, agus léiríonn sé comhlántacht agus síoraíocht.  Tá An Fáinne mar shiombail ar an nasc atá agat leis an nGaeilge.  Caitear An Fáinne mar chomhartha go bhfuil Gaeilge agat agus go bhfuil tú toilteanach í a labhairt.


Is do dhaoine le cumas bunúsach sa Ghaeilge atá an Fáinne Airgid. Léiríonn an Fáinne Óir go bhfuil líofacht sa Ghaeilge agat. Tá an Seanfháinne (Ór) ar fáil chomh maith dóibh siúd gur mhaith leo é.

Láithreáin ghréasáin eile de chuid Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge: